School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 028
  3. XML “An Fear agus a Thriúr Mac”
  4. XML “Scéal Ridire na Farraige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí siad sgatham maith amach ar an bhfairrge chuaidh siad suas i gceann an bháid & ghlaoidheadar air & dúbhairt - "Gabh i leith go bhfeicfidh tú an breac mór atá annseo". Chuaidh & nuair a bhí sé ag breathnú síos sa bhfairrge mór airigh sé ariamh gur caitheadh amach sa bhfairrge é agus gur báthadh é.
    Chuaidh an triúr buachaillí abhaile & roinn siad an talamh eadtorra. B'fhada in a dhiadh sin a mhaireadar & ar feadh an ama sin níor tháinic troid ná easaontas eadtorra acht chaitheadar saoghal sona.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal Ridire na Fairrge
    Bhí rí ins an domhan thoir fadó & bhí mac aige. Nuair a bhí sé bliadhan is fiche tháinig fear as an domhan thoir dár b'ainm Ridire na Fairrge. Thug sé leis é & nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, d'fhuagar rí an domhain thoir air a mhac a thabhairt ar ais chuige faoi cheann lá agus bliadhain. Dúbhairt an Ridire go dtabharfadh. Tháinig an Ridire ar ais faoi cheann lá agus bliadhain agus bhí a athair ag iarraidh air fanacht sa mbaile. Acht dúbhairt an Ridire leis nách raibh sé sáthach foghlumtha & d'iarr sé é leigean i n-éinfeacht leis go ceann lá & bliadhain eile. Acht nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, rinne an rí dearmad 'rádh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Other names
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway