School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 026
  3. XML “An Fear a Bhí faoi Gheasaí”
  4. XML “An Fear agus a Thriúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Fear a bhí faoi Gheasaí
    Bhí fear ann fadó & fadó bhí. Bhí sé faoi gheasaí annsin gan stopadh ach chuile chorp dá gcuirfidhe sa roilig a thógáil & a ithe. Ní fhéadfadh sé stopadh go séanfadh bean óg é seacht n-uaire.
    Bhí go maith & ní raibh go h-olc go dtí lá a raibh sé ag ithe chuirp a bhí thar éis a chur & bhí cailín óg a dul thart dár b'ainm Eibhlín Cailín, & chonnaic sí é ag tógáil chuirp & dá ithe. Rith sí sin le n-a h-anam, & bhí ribín ar a cúl, & leis an an-bháthadh a bhí uirri chaill sí an ribín. Fuair an fear seo an ribín & lean sé de & tháinig sé suas léi. 'Sé an t-ainm a uirthe - sé Eibhlín Cailín.
    "Muise, Eibhlín Cailín" adeir sé, "a bhfaca tusa tada nó ar chaill tú an ribín".
    "Muise" deir sí, "ní fhacha mise tada & ní mé a chaill an ribín".
    Ach bhí sé ag tigheacht go dtí í an oiread uaireannta 'gus 'na dhiadh sin féin choinnigh sí dhá shéanadh an oiread uaireannta nó go dtí sa deireadh labhair sé féin agus d'fhreagair - "Is maith an bhean thú" ar seisean. "Tá mise tóigthe d' dhraoidheacht anois aghad agus b'fhearr dhuit mé phósadh". Phósadh an bheirt aca & rinneadar gnótha maith in a dhiadh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.