School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 023
  3. XML “Conchubhar agus an Dá Chaora agus an Uascán”
  4. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar an gcuid eile é agus is beag nár mharbhuigh sé iad. Sheol sé roimhe iad annsin go dtí pálás an Ríogh, Nuair a bhí sé ag dul thar theach cailleadh cearc. Bhí bean óg ' na suidhe ag an teine. F'fhuagair Conchubar uirthi a dhul amach agus an geata oscailt do na chuilm. Nuair a chonnaic sí sin na cuilm tháinig faithchíos uirthi agus rith sí isteach abhaile. "Ní bhfuair an sionnach ariamh aon theachtaire a b'fhearr dó ná é féin" ar seisean. D'fhág sé na cuilm annsin agus d'oscail sé an geata. Chuaidh sé abhaile annsin, agus nuair a tháinig sé, dubhairt an Rí go raibh an madra allta ag marbú na gcaorach agus dúbhairt Conchubhar go ngabhfad sé féin ag faire na gcaorach. Chuaidh & agus mharbhuigh sé an madra allta. Tháinig sé abhaile go dtí an Rí agus dúbhairt sé go mharbhócadh sé an Rí mara mbáitfeadh sé a bhean agus go bpósfadh sé a mháthair. Chuaigh an Rí ag báitheadh a mhná agus choinnigh an bhean greim air agus baítheadh an bheirt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Leas-Mháthair
    Bhí fear ann fadó a bhí inghean agus mac aige. Cailleadh an bhean agus phós an t-athair aríst. Bhí an leas-mháthair an-olc leis na gasúir agus oidhche amháin d'fhiafruig sí de'n fhear cé'n t-slighe mharbhta a gcuirfidís ar na gasúir. Dúbhairt an fear nách raibh fíos aige.
    Lá amháin chuaidh an fear agus an bhean agus na paistí isteach sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Other names
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway