School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 018
- XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tóigeadh sios na sgéalta seo leanas ó leathanach 18-57 ó Cháit (Ceata) Bean Uí Ghiobúin, Camus Uachtair, Casla, Co. na Gaillimhe. Sa mbaile seo a chaith sí a saoghal agus tá sí beo láidir fós i n-aois a 65 bl. Phioc sí féin suas iad ón a h-athair le linn a h-óige. Cailleadh eisean sa mbliadhain 1923 (Pádraig Seoighe, i n-aois a 73 bl.Jackeen, An Gadaidhe Dubh.
Bhí fear ann fadó agus fadó bhí. A mbeadh muidne an t-am sin ann ní bhéadh muid indhiú ann, nó a mbeadh, bheadh scéal úr nó sean-scéal aghainn. Ní raibh ag a mháthair acht é féin agus bhí sé tinn ariamh, nó mar b'áil liom a rádh meathta.
Lá amháin dúbhairt sé le'na mháthair go ngabhfadh sé le gadaidheacht. Dúbhairt a mháthair go mba cheart duine écint a cheadú faoi. Chuaidh sí go dtí sean-dall glic a bhí 'na chómhnaidhe in-aice léi agus d'innis sí an scéal dó. Dúbhairt seisean é chur le gadaidheacht ó thárla go raibh sé féin sásta. Tháinig sí abhaile agus d'innis an scéal dá mac.
Nuair a tháinig an oidhche fuair Jackeenmála agus amach leis. Níor bhfada gur casadh beirt fhir eile ar Jackeen & d'fhiafruigh siad de cá raibh a thriall. "Dul a' gadaidheacht" arsa mo dhuine.(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway