School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh

Filter stories

Back
/ 335 Forward
Resolution: Low | High
Cloigeann | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

eolas, uimhrieacht, agus ag scríobhadh freisin. Do bhí na daoine an-bhocht agus ní raibh aon bíadh le n-ithe aca agus do théigheadh siad isteach ins na scoileanna seo agus d'iompuigh siad ar Phrotasúniagh. Scoileanna brocáin an t-ainm a bhí ortha agus atá ortha fós. Seo é an fath a tugtar scoileanna brocáin ortha mar thugadar brocán do na daoine a thaghadh insteach. Bhí na scoileanna seo ar fud na tíre agus tá siad go fóill. Tá ceann i mBaile Nua ceann eile i mBarr na h-Aille agus ceann eile i Selerna. Do bhí Tomás Ó Garabháin ag múinead i Selerna. Do bhí O Conaill agus Uilliam Millea agus Millet ag múinead i mBaile Nua. Miss Booth a bhí ag múinead i mBárr na hAille. Bhí siad ina stróinséarí. Bhí Beresford in a máighistear ar an pota leite. Do bhí seisean ina stróinséar freisin. Do bhí droch-mheas ag na múinteóirí ar na Gaedhil agus ar cultúr na h-Éireann.
Ní thugadh na múinteóirí i bhfad aimsire i naon áit. Do théigheadh siad ó scoil go scoil eile.