School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloigeann
  2. XML Page 309
  3. XML “Seanscoileanna”
  4. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    acha in Iomadh fós an duine a bhíodh ag léigheadh an Bhíobla. Chuaidh daoine go dtí na sgoileanna seo acht níor iompuigh siad. Fuair daoine oideachas máith ón na sgoileanna seo. Fuair daoine obhair máith i dtíribh eile agus is tré oideachas na sgoil seo a fuair siad é, acht níl an sgéal mar sin ag gach duine, caith daoine airighthe a creidhimh uatha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sul ar cuireadh na scoileanna náisiúnta ar bun sa mbliadhan 1832 ní raibh aon scoil ann, acht scoileanna scairte, gearr scoileanna, agus na scoileanna chois chlaidhe. Do théigheadh múinteóir thart ó theach go teach dhá oidhche san t-seachtmhain. Théigheadh na daoine isteach i dteach agus do bhíodh siad ag foghluim Béarla, gramadach, agus uimhriocht. Do bhíodh siad ag scríobhadh le píosa adhmaid dóighte ar clár adhmaid bán. Ní raibh pioin-luaidhe ann ar chor ar bith san am sin. Scolairí bochta a bhíodh ann.
    Annsin do tháinig na scoileanna protasúnachta. Do bhíodh múinteóir ionnta. Do thaghadh daoine isteach agus do bhíodh siad ag foghluim ó'n Bhiobla protasúnachta, agus do bhíodh siad ag foghluim Béarla, Gramadach, tír-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gharabháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mairtín Ó Garabáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Ballynakill, Co. Galway