School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh

Filter stories

Back
/ 335 Forward
Resolution: Low | High
Cloigeann | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

ag dul ó Baile Locha Riabhach go Conamara acht ní raibh fios aige gurab í a shocraid féin í. Fuair a cháirde i gCladach Dubh leitir maidh roimh teacht abhaile dhó agus cheapadar gur scríobh sé an leitir sul ar fuair sé bás.
B'shin an dara uair a tháinic Micheál an taidhbhse ar ais ó'n mbás. Triocha bliadhain ó shin ann nuair a bhí sé ag obair ar an mbóthar iarann fé thalamh i mBrooklyn, do tárluigheadh timpist dó agus cheap na dochtúirí go raibh a sheal tugtha. Bhí breall ortha. Ní marbh a bhí sé acht n-a chodladh.
Fear eile de'n aos, agus de'n ainm céadna atá curtha in a áit in Oileán Iomaidh.

Ins an am fadó sul a ndearna droichid, bhí fear ag tarraingt sagairt treasna abhann. Nuair a bhí sé ag dul treasna na h-abhann d'imthigh an chos uaidh. Chuir sé béic as. In a dhiaidh sin thosuigh sé ag siubhal agus d'imthigh an chos uaidh arís. "Tá an diabhal ort" ars an sagart. "Muise, má tá, ní bhéidh sé i bhfad

(continues on next page)
Collector
Mairtín Mac an Bháird
Gender
male
Address
Knockbrack, Co. Galway
Informant
P. Mac an Bháird
Gender
male
Age
62
Language
Irish