School: Cloigeann
- Location:
- Cleggan, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloigeann
- XML Page 298
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Taibhse an Chladaigh Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go léir. Acht i lár an sgéil tharraing sé an t-iarann amach go fíor-thapaidh, agus bhuail sé ar an inneóin é go mear 's go láidir, d'imthigh cirth mór dileóg air agus sgeinn an fear bocht a chúl agus thuit sé ar an urlár.
Phléasg gáiridhe ar an ngabhainn. Nuair d'éirigh an fear tinn bhí mórán fola in a bhéal acht bhí an fiacal imthighthe. Bhí sé ar ceann na sringe. "Mo chorp ón diabhal" ar seisean "Níor mhothaigh mé é ag teacht amach ar chor ar bith". "Nár innseas sin duit" ars an gabha "Téigh abhaile anois agus nuair bhéas sé de dhith ort-sa arís fiacal a tharraing amach béidh fhios agat-sa cá dtiocfaidh tú". - Seo scéal grinn a thuit amach le deireannaighe sa gClochán i gCoin Mhaicne Mara. Chonnaic na daoine "fear" an oidhche seo (23adh D. Fóghmhair 1937) agus bhí cinnte go raibh sé marbh agus curtha le trí seachtmhainí. Micheal Ó Fatharta, An Cladach Dubh, An Clochan, an "fear" atá i gceist.
Tá sé timcheall a seascadh bliadhina d'aois - sin a bhí ar an gcomhrain a tháinic ó teach na mbocht i mBaile Locha Riabhach, agus a cuireadh sa(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Thuarthail
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway