go léir. Acht i lár an sgéil tharraing sé an t-iarann amach go fíor-thapaidh, agus bhuail sé ar an inneóin é go mear 's go láidir, d'imthigh cirth mór dileóg air agus sgeinn an fear bocht a chúl agus thuit sé ar an urlár. Phléasg gáiridhe ar an ngabhainn. Nuair d'éirigh an fear tinn bhí mórán fola in a bhéal acht bhí an fiacal imthighthe. Bhí sé ar ceann na sringe. "Mo chorp ón diabhal" ar seisean "Níor mhothaigh mé é ag teacht amach ar chor ar bith". "Nár innseas sin duit" ars an gabha "Téigh abhaile anois agus nuair bhéas sé de dhith ort-sa arís fiacal a tharraing amach béidh fhios agat-sa cá dtiocfaidh tú".
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Seo scéal grinn a thuit amach le deireannaighe sa gClochán i gCoin Mhaicne Mara. Chonnaic na daoine "fear" an oidhche seo (23adh D. Fóghmhair 1937) agus bhí cinnte go raibh sé marbh agus curtha le trí seachtmhainí. Micheal Ó Fatharta, An Cladach Dubh, An Clochan, an "fear" atá i gceist. Tá sé timcheall a seascadh bliadhina d'aois - sin a bhí ar an gcomhrain a tháinic ó teach na mbocht i mBaile Locha Riabhach, agus a cuireadh sa
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »