School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh

Filter stories

Back
/ 335 Forward
Resolution: Low | High
Cloigeann | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Ghlaoidh sí ar duine eile a bhí gar dí; nuair a tháinic an duine sin d'imthigh an ciste as radharc. Má bhí an t-ádh ar an duine sin gan bachaint leis an duine eile bhéadh sí saidhbhir go deo.
Seo an caoi is féidir le duine an ciste sin d'fháil. Má fheiceann sé é, is ceart dó rith chuigeagus seile a chaitheamh air. Tá cómhacht na sidheóg briste annsin agus ní fheicfidh aenne an ciste sin acht duine de shíolradh na ndaoine a chuir sa dtalamh é. Tá sé sa dtalamh go dtí an lá induí ag fanacht leis an duine a gheóbhas é, pé duine atá an t-ádh air.

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ar buile le tinneas fiacal. Ní raibh fhios aige céard do b'fhearr dó a dhéanamh acht shíl sé nár b'fhéidir leis an pian d'fhulaing níos faide. Bhí na comhursain go cineálta leis, agus bhíodar ag teacht chuige go brónamhail, agus is iomdha leigheas a thug siad dhó, acht gan aon mhaith asta. Fá dheireadh thug bean aírighthe cómhairle dhó fá dhul chuig an ghabhainn óir. Bhí eólas ar tinneas fiacal ag gach aon ghabhainn.

(continues on next page)
Collector
Pádraic Ó Máille
Gender
male
Address
Clifden, Co. Galway
Informant
Máire Bean Uí Mháille
Relation
parent
Gender
female
Address
Clifden, Co. Galway
Language
Irish