School: Fearann an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomhnaigh

Filter stories

Back
/ 350 Forward
Resolution: Low | High
An Gabha agus an Cheárta

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Gabha agus an Cearcha
Níl acht aon cheardcha amháin san bparróiste. Sé an t-ainm atá air an bhfear ar leis é, Colm Ó Connraoi. Ba gaibhne iad a muinntear roimhe. Tá an cheardcha i bhFearann an Choirce. Is ceann-tuighe atá ar an gceardchainn. Is doras leathan atá uirthi. Cuireann an gabha cruidhte fé capallaibh agus fé aislibh. Níl acht aon teallach amháin istigh san gceardchain. Siad na h-úirnéisí a bhíonn san gceardchain: cruidhthe, ord, pinsiúr, teanchair, gearróir, rasp, scian, casúr, ineoin agus builg. Tá an gabha indon airm oibre a dhéanamh. Is minic gur amuigh fá’n aer a bhíonn an gabha ag déanamh a chuid oibre. Deireann sé Pró! Pró! nuair nach bhfanann an capall suimneach. Nuair a chuireann an gabha cruidthe ar chapallaibh tugtar tuarastal dó. Bhí gabha eile i

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Ghillín
Gender
female
Address
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Informant
Seán Ó Gillín
Relation
parent
Gender
male
Address
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Language
Irish