School: Fearann an Choirce (roll number 14532)

Location:
Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomhnaigh

Filter stories

Back
/ 350 Forward
Resolution: Low | High
Leigheasanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Leigheasanna.
Bruitíneach: Súgh neantóg bruithe.
Eitinn: Bainne asail d’ól.
Easbuidh: Fuil ríogh na n-n-éan: sé sin fuil dreoilín nó uisce i-n-a nighfidh duine básuigh, nó lámh an seachmadh mac a chuimilt de, nó anál fir nach bh-faca a athair. Cos capall nó asal a bheadh tinn: Cat dubh a chuimilt de chois an chapaill nó an asail a bheadh tinn. Loscadh buaille: An áit a leagfadh an bhó a cos a bheadh tinn san talamh, é sin a ghearradh amach, agus é do chur ar chúla na teineadh agus an fhaid a triomughadh bheadh an bhó ag fághail bisigh. Nuair a bheadh sé triomuighthe bheadh an bhó go maith. Trí leigheas: Baintear trí choirnéal de bhráithlín a théigheas faoi dhuine

(continues on next page)
Collector
Cáit Ní hIarnáin
Gender
female
Address
Kilmurvy, Co. Galway
Language
Irish