School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
Oileán Iarthach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 469

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

( Áine Ní Mháithnín a sgríobh na píosaí seo leanas ó bhéal-aithris a máthair mór Máire Ní Chatháin gur aois di 79 bliadhain )


Tobar Naomh Chuimín

Tá tobar thíor ag Uachtar Árd agus tugtar tobar Chuimín air. Deirtar gur é naomh Chuimín a chur an tobar ann. Lá bhí sé ag siubhal ar an tráigh. Chonnaic sé breac ag éirighe anios as an tráigh agus thóig sé gluic don ghainimh agus d'éirigh tobar ann. Sin é an chéad uair a fríothadh tobar Chuimín.
Teigheann daoine ann ag tabhairt turais gach bliadhain ar an séamhadh lá déag de Lughnasa. Ní leigheastear aon daoine ann ach tugann siad leo an t-uisge a bhíonn ann. Tá loch ag teacht ann agus níor mhór do duine a bheith ann roimh uisge an locha mar ní bheadh tú indon aon turas a thabhairt mar gheall ar an t-uisge.