Nuair a buailfeas clog cogad na frainnce Agus Cloifearr a sgread leis an ngaoith Beidh síathcháin na hEuroipe sgaipthe Is gach tír ag cur airm i gcaoi Ó a Chríast innis cábhfuil na fearaibh Dearcaidís suas air Fhlaithis dé Tá téarma a bhfurmhór caitthe Tá an bás is é ag teacht faoi na ndéinn 2 Nach brodamail mar bhreathnuigeas tú a Pharás Gach maidin ciúin áluinn gan smúit Féach ar na fuinneoga árda Is na páistí ag súgradh thíos fúthabh Féach air na daoine ag siubhal sráide Gan faitchíos na eagla ag bainnt leo Gan cuimne ar an ainsir a tárlochas Is a fhágfas a gcnáma faoi an bhfód 3 Feach ar na daoine atá sgannruighthe Is iad ag rit le na anam ón bpian Feach ar na sean-daoine craiphighthe Is iad ag guide ar a leaba ar a ndícheal Feach ar na mná atá ag fágall bás air an t-sráid is air a teallach mo lean
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »