School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
Nósa na Nollag

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 395

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tagann an Nodlag ar an cúigeadh lá fichead de mhí na Samhna cuile bhliadhain. Aimsir an-bheannuighthe iseadh an Nodlaig agus bíonn an-fháilte ag na daoine roimpe. Bionn go leor féastaí agus nósanna ag na daoine ar feadh na Nodlaig. Seo cuid aca. Feisteann na daoine na tighthe go deas le oigheann agus cuileann agus lasann siad coinneal Nodlaig a chuile fuinneoig ar an teach.

Fágtar na dóirse osgailte ag cur fáilte roimh an Maighdean Muire dhá mbeadh sí ag dul thart mar deirtear go mbíonn sí ag dul thart agus Iosa dhá iomchur aice cuile oidhche Nodlaig ó rugadh Íosa. Cuireann na daoine teine mór síos in onóir don oidhche bheannuighthe agus bíonn féastaí ag na daoine freisin.

(continues on next page)
Collector
Brighid Ní Conaire
Gender
female
Informant
Máire Ní Liodáin
Relation
grandparent
Gender
female
Age
72
Address
Illauneeragh West, Co. Galway
Language
Irish