School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
An Nollaig

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 394

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Chuaidh mo mháthair-mór go dti an siopa lá roim Nodlaig agus chuaidh mé féin agus no dhrifiúr go dtí an t-Oileán Mór agus thug muid dhá scian-mhór linn agus bhain muid cuileann agus chroc muid ar na ballaí é. Nuair a táinig mo mháthair-mhór abhaile bhí an áthas uirthí.

Lá'r na mháireach mharbhuigh mo shean mháthair gé agus lacha agus chroc sí ar chul an dorais iad. Oidhche-Nodlag lasamar coinnle sul dá dtáinig an oidhche agus mhúch muid iad ag an h-aon-dhéágh a chlog.
D'fhága muid an doras osgailte san oidhche
Chuaidh muid agus chuir muid síos teine mhór na Nodlag annsin. Oidhche Nodlag bige lasamar coinnle freisin agus Oidche Chinn an dhá lá dhéag chómh maith. Bhíonn an Nodlag caithte Oidhche Chinn an dhá lá Dhéag.

Collector
Áine Ní Mháithnín
Gender
female
Informant
Máire Ní Chatháin
Relation
grandparent
Gender
female
Age
79
Address
Turloughbeg, Co. Galway
Language
Irish