School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 386
- XML “Scéal faoi Chiste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh 'ainm Tomás Ó Máille 'na chomhnuidhe in Úraid i gConamara uair amháin. Do bhíodh sé ag brionglóidígh chuile oidhche go raibh ciste óir i bhfolach ag droichead Luimnigh agus dubhairt sé go raibh a bhrionglóidígh ceart agus d'imthigh sé leis agus ní raibh a fhios aige cé'n áit a raibh sé ag dul ach é ag cur tuairisge le chuile dhuine, cé an áit na raibh sé. Sa deireadh táinig sé go dtí áit 'na raibh sean-greásuidhe agus d'innis sé a sgéal dó agus annsin d'innis an greásuidhe dó-san faoi na bhriónglóidigh féin. Dubhairt sé go raibh sé féin ag brionglóidíg chuile oidhche ar feadh dá bhliadhain go raibh ciste óir i bhfholach faoi (crean) chrain sgeiche a bhí ag doras tighe Thomáis Uí Mhaille i Úraid.(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Mhaithnín
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Chatháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- An Turlach Beag, Co. Galway