School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
Oíche na Gaoithe Móire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 376

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó bliadhanta o shoin tháinig an oidhche ba mho stoirme dá dtáinig aríamh. Bhí sí go huathbhásach le stoirm is le báisteac gur cuir sí faitcíos ar gach uile dhuine. Sguab sí na cinn de na tighthibh agus leagadh sgiobóil agus marbhuigheadh na beithidhigh a bhí ionnta. Na báid a bhí feistighthe ar an tráigh, sguabhad iad agus brisead na céadracha agus cuiread suas ar an talamh iad.

Deir na daoine gur marbhuigheadh gach nídh a bhí amuigh ins na páirceannaibh leis na lasrachaibh a bhí ann agus deir siad fresin go dtáinig fuirleach isteach ins na tightibh agus go dtug sé amach asta na trosgáin is a raibh eile sa teach. Is corr dhuine a bhfuil cuimne aige an oidhche sin ach chuala siad cainnt air.
Tá sé ós cionn céad bliadhain ó bhí an oidhche sin ann agus níor tháinig aon oidhche ó shoin ba mheasa ná í.

Collector
Sorcha Ní hAllmhuráin
Gender
female
Address
Illauneeragh West, Co. Galway
Informant
Máire Ní hAllmhuráin
Relation
parent
Gender
female
Address
Illauneeragh West, Co. Galway
Language
Irish