School: Oileán Iarthach

Location:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 351

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 351

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Iarthach
  2. XML Page 351
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ciste Óir i bFolac.
    Bhí fear ann fadó. Bhí sé posta. Bhí gáirdín mór ubhall aige agus bhí dhá sgór crann ann. Aon oidche amháin bhí sé ag brionglóidigh go raibh ciste óir i bhfolach faoi cheann éigin de na crainnte a bhí ins an ngáirdín ubhall. Nuair a d'éirigh sé lá'r na bháireach d'ith sé a bhricfeasta agus chuaidh sé amach san ngáirdín agus thug sé leis sluasad agus do cart sé a raibh de créafóig thart ar chrann aca féachaint a bhfuigheadh sé an chiste ach sin a raibh dhá bhárr aige.
    Bhí sé ag brionglóidigh oidhche eile go raibh ciste óir i bhfolach faoi ceann eile de na crainnte. Nuair a d'éirig sé lá'r na bháireach d'ith sé a bhricfeasta agus chuaidh sé amach sa'n ngáirdín, thug leis sluasad, agus níor fhág sé crann sa'n ngáirdín nar chart sé a raibh go chréfóig fútha uilig. Nuair a bhí an crann deiread cartuighthe aige fuair sé dhá mhála lán go béal idir ór buidhe is sgilleaca.
    Chuaidh sé isteach go dtí na bhean leis an dhá mhála óir agus bhí sé féin is an bhean saidhbir go deo diaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Liodáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    71