School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
An Tarbh Breac

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Cailleadh a bhean i gceann tamaill agus phós an fear aríst. Leis an dara bean bhí triúr inghean aige agus an inghean ba h-óige bhí trí shúil innte. Bhí an gráin ag an leas-mháthair ar an mac agus bhíodh sé amuigh ag obair i gcomhnuidhe ag tabhairt aire do na beithidhigh. Ní thugadh sí mórán le n-ithe dó agus bhíodh ocras air. Bhí tarbh mór breach imeasg na mbeithidhigh agus lá fluich fuar amháin tháinig sé go dtí an buachaill agus dubhairt leis an adarc a bhaint dhó agus go bhfuigheadh sé biadh.
Chuaidh sé go dtí é agus bhain sé de an adharch agus leag amach neart biadh agus deoch. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh sé indon a bhéilidhe a ithe agus ní raibh a fhios ag an leas-mháthair cé bhfair sé rud le n-ithe agus lá ar na máireach cuir sí amach an ingean badh shine ag faire air.

(continues on next page)
Language
Irish