School: Oileán Iarthach

Location:
Illauneeragh West, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 472 Forward
Resolution: Low | High
Scéal faoi Oíche Shamhna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Ainm an duine a bhfuaras na sgéalta seo uaithi... Máire Ní Chatháin
2. A seoladh... Oileán Iartach, Rosmuc, Co. na Gaillimhe
3. A haois... 79 blaidhain
4. A gairm beatha... Feilméar
5. Cár tógadh í... Túrloch Beag, Rosmuc
6. An dáta ar scríobhadh na sgéalta seo: 3/11/37
Scéal faoi Oidhche Shamhna
Bhí gasúr bocht ann uair amháin agus badh é baramhail gach duine go mbíodh sé ins na páirceannáibh. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair a chonnaic sé solas i bhfad uaidh is ní i ngar dó. Do lean sé an solas is an solas ag teannadh uaidh. Sa deireadh do tháinig sé suas leis agus is teach a bhí ann.
Do chuaidh sé isteach ann agus chuireadh céad míle fáilte roimhe. Do thugadar áit suidhte dó. Do bhí ceathrar fear sa teach agus bean. D'éirigh duine de na fir agus chuaidh sé amach agus lean an chuid eile é agus lean an ghasúr iad. Chuaidh siad agus fuair siad luch agus thug an gasú isteach go dtí an mnaoi í. Chuir an bhean ag bruith í agus bhí súp bhreágh uirthi.

(continues on next page)
Informant
Máire Ní Chatháin
Gender
female
Age
79
Occupation
feirmeoir
Address
Illauneeragh West, Co. Galway
Language
Irish