School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 320
- XML “Rí an Domhnaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a mbéilidhe. Annsin dubhairt fear an tighe leis an strainséara na beithighidh a thiomaint agus iad a leanacht agus go rachfaidís fhéin 'na náit fhéin.
Rialadh amach na beithigidh dó agus cuireadh indiaidh a chéil[e] iad. Dubhairt fear an tighe leis gan áird a thabhairt ar rud ar bith a chloisfeadh sé agus gan breith ar rud ar bith a chaithfidhe leis acht na beithigidh a leanacht i gcomhnuidhe.
D'imthigh leis agus ba ghearr gur airigh sé feadaoil agus bhreathnuigh sé 'na dhiaidh.
D'imthigh sé leis agus bhí sé ag dul thar chrann ubhlaí agus thuit ceann acab air. Shíl sé breith air acht chinn sé air Chaith sé píosa maith a' déanadh spraoi leis an ubhlaí acht ní raibh sé indhon breith air.
Bhí na beithigidh imthighthe as a amharc anois agus ní raibh a fhios aige cad a dhéanfadh sé acht d'fhan sé a' déanadh spraoi leis an ubhla.
Tráthnóna tháinic na beithigidh abhaile agus bligheadh iad acht ní bainne a bhí acha acht fuil.
Nuair a tháinic an strainséara abhaile bhí a fhios ag fear an tighe céard a rinne sé.
Thug sé leis é agus rinne sé meall salainn dhó agus shocruigh sé taobh amuigh de'n doras é.
Fá cheann bliana eile dubhairt an dara mac le na mháthair. "Tá beann [!] imthighthe as an teach seo le dhá bhliain agus tá mo dhearbhráthair imtighthe as le bliain agus is suarach an mac mise mar a rachfainn ar a dtuairisg."(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Informant
- Beartla Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway