School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Slighe bheatha na ndaoine sa gceanntar seo fadó.Bhí na daoine ag obair go cruaidh sa gceanntar seo fadó seachas mar atáid anois.
Bhí sé an-deacair aca a dhul chuig an Aifreann, ná a[g] an siopa, ná chuig aontaigh, ná aon áit eile dár theastuigh uatha, go mór-mhór na daoine a bhí 'na gcómhnuidhe timcheall na n-oileán.
Ní raibh aon droichead ann ná mórán bád ach an oiread. Chaithfheadh na daoine a bhíodh ag teacht amach as an Máim[..?] go Leitir-Móir, fanacht go mbíodh sé 'na thrághadh agus bhíodh casán cloch déanta aca ins an áit a bhfuil an droichead anois, timcheall ceathramha míle ar fad.
Bhíodh beagán curadóireachta déanta ag gach dhuine dhó fhéin agus dhíolfhaidís an fuighleach.
Bhíodh an móin ibfhad níos fairsinge an t-am úd ná mar atáid anois, agus ar an ádhbhar sin bhíodh go leór le (deana) díol aca. Corr uair bhíodh siad máll ag an aifreann mar gheall ar go mbídís ag fanacht leis an taoille.
Ní bhíod cainnt ar chuairt no damhsaí, nó pléaráca an tam sin, ach obair - obair ag gach duine.
San oidhche bhíodh na mná ag sníomh, ag cárdáil, ag cniotáil, ag fuagháil, ag deárnáil, ag iarnáil, agus go minic ag nígheachán agus gach obair eile a bhíonn le déanamh ag mnaoi tighe.
Bhíodh túirne ag an teine aca agus iad ag obair ar a(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Maighread Ní Donnchadha
- Gender
- Female
- Age
- c. 66
- Address
- An Máimín, Co. Galway