School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 301
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuair sí iad. Chuaidh sé saus [!] ar mullach an tighe gearr sé an féar agus chaith se anuas ar an talamh é Ó arsa [!] ce'n sórt féar Naomhtha tusa nó cé bhéad airgid a tubras mé duit Níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis. Ní raibh se ibhfhad imtighthe go bhfacaidh sé teach araibh torn mór isthigh ann. Chuaidh sé isteac ann agus bhí an bean istigh agus í ag deanamh léine do'n t-sean-fhear sé'n chaoí a raibh mála plúir anuas ar a mhullach aice agus í ag gabhail go slis ar. Céard tá tú ag iarraidh dhéanamh mar sin arsa an fear a tháinic isteach. Tá mé ag iarraidh léine a dhéanamh do'n t-seanfhear sin nach raibh aon snátha go léine ar le rátha arsa an bhean. Bhfuil sgian ná siosúr agad ar seisean tá arsa an bean fuair sí siosúr agus thug sí dó é agus sgaoil sé aníos mullach an t-seanfhir Ó arsa an bhean cé'n sórt fear Naomhtha thusa nó cé bhéad airgid a thubharfhas mé duit níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis agus ní raibh on mhilleán aige ar a bhean féin uaidh sin amach mar chonnaic sé a dhóthain óinseacha.
- Collector
- Máire Ní Lupáin
- Gender
- Female
- Informant
- Padraic Ó Lupáin
- Gender
- Male
- Age
- 50