School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 216
- XML “Buachaillín Deas Óg Mé”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Buachaillín deas óg méIs buachaillín deas óg mé thug mór-ghean do mnaoí,
Bím go siorruidhe i gcomnuidhe ag ceoltoirecht is ag gabhail fhuinn
Dá mbéadh punt agan mo phóicín is an cíos a bheith le n-íoc,
Ní fhágfainn teach an ósta go n-ólainn chuile phighinn.Anois ag tigheacht de’n fhágmhair tá súil agam le roinnt,
Tá súil le cupla sgór agam nó beagán os a chionn.
Tá fiacha go leór leór orm is níor ól mé ariamh aon phighinn
Is nach olc an fear le pósadh mé gan bó agam ná laogh.Nach truagh gan mé mo chmnuihe in-aice le mo mhian,
Dá mbeinnse i gceann an bhóirín nuair a bheadh sí ag dul síos;
Tá píosa fada rómsa idir mé agus stór mo chroidhe,
Is tá súil le Rí na glóire nach bhfuighe aon fhear uaim.Dá mbéadh sí liomsa pósta thógfadh sí mo chroidhe,
Choinneóchadh sí ón ól mé is ní bhlasfainn g-aon deóir choidhche;
Thógfadh sí gach ceó dhíom gach brón is briseadh croidhe,
Is a Chríost nach deas an tógáil í stóirín geal mo chroidhe.Is é dubhairt mo dheaidí liomsa a dul ag tóruigheacht mnaoi,
Lean is cupla bó fhághail is begán de’n ór buidhe;
Is go bh’fearr liom féin go mór mór beith macánta ciúin mín
Na Cailín gan aon éolas a bhéadh ag ceóltóireacht is ag gabhail fhuinn.(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Sheósamh Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Máimín, Co. Galway