School: Leitir Mór

Location:
Leitir Móir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Mac Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Mór
  2. XML Page 207
  3. XML “Máirtín Mór a Bhí ina Teachta Dála”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raibh bóthar treasna ná coirneál sráide ann,
    Ó'n áit a cailleadh é go dtí an cárnaín aoil,
    Nach bhfeictheá fear ann a bhean is a phaiste,
    Ag caoineadh Maírtín faoí dul i gCill.

    Dá mbeitheá tligthe is le crochadh amaíreac,
    An róp le fáisgeadh is an t-snaoim le rioghamh,
    Dá bhfághta litir sgríobhta ó Mhaírtín,
    Bí cinnte an lá sin go dtiocfá saor.

    Bhí a chuid caiple ceangailte ins na stáblaí an lá úd,
    A gcuid cluasa in-áirde is a gceann leo síos.
    Bhí a chuid báid móra ceanglaidhe sa dug an lá úd
    Níor sgaoileadh Láinéar is níor ceangleadh téád.

    Bhí na h-éanlaith mara sa dug an lá úd,
    Aniar ó Árainn is ó Sruth na Maoil.
    Snámh siad isteach ins an gcuan an lá úd,
    Mar bhéadh saighdiúir Gallda ag tigeacht i dtír.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Confhaola
    Gender
    Male