School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 160
- XML “Cill Bhriocáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair an ceanntar a ainm ón Roilig atá le feiceal an go fóilleach. Suim bliadhanta ó shoin bhí fear ‘ar b-ainm Briocan ag deanamh sgiobóil ina gharraidhe féin. Bhí an balla agus na beanna déanta aige oidhche amháin. Nuáir a deirigh sé ar maidin bhí na beanna leagtha go talamh. Thóg sé athuair iad agus rinneadh an cleas céadhna leó. Thóg sé an triomhadh uáir iad agus leagadh arís iad.D’innis sé an sgéal don Sagart Paróisde, Sagart Rosmuc. Taréis tamaill shocruigh an Sagart Roilig a dhéanamh san áit. Tá ballaí an sgiobóil le feiceál san Roilig fós.Tá tobar ann agus deirtear go raibh naomh annsin agus Chill aige ann fadó an lá. Níl tada den Chill le feiceál anois agus níl fhios cén tainm a bhí ar an naomh. Cheaptar gur bé sin an fáth gur leagadh an sgioból a bhí dhá dhéánamh ag Briocán, lé ionad comhnuidhche an naoimh a chur iniúl. Dheantaí toruis go dtí an tobar ina diaidh sin ar feadh ibfad. Tá an nós imthighthe i leig anois. Creideann muintir na háite gur áit bheannuighthe atá ann.
- Informant
- Seósamh Ó Curraidhín
- Gender
- Male