School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 122
  3. XML “Táilliúr agus a Thriúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí táilliúr i n-Éirinn fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí siad an bhocht agus ní raibh acha acht aon ghabhairín amháin agus sin é bhíodh ag coinneál bainne leo.
    Bhíodh an chionn ag an táilliúr ar an ngabhairín agus bhíodh sé ag cur a clann ag fosaidheacht leis.
    Lá amháin chuir an táilliúr an mac ba shine amach leis ag fosaidheacht agus chuir sé isteach I ngarrdha mór féir é agus bhíodh sé ag baint rudaí deasa dhó agus dhá gcaitheamh chuige. Nuair a bhí sé i n-ám a dhul i bhaile d’fiafruigh sé den ghabhairín a raibh a shaith ithte aige agus dúbhairt a gabhairín go raibh. Sgaoil sé abhaile annsin é agus chuir sé isteach I sgioból é. Nuair a bhí an táilliúr ag dul i codladh san oidhche chuaidh sé amach go dtí an gabairín agus d’fiafruigh sé dhó ar ith sé a dhóthain indiú agus dubhairt an gabairín nach ith ná a leath dhóthain. Chuaidh an isteach agus dhíbir sé an mac ba shine. Lá ar na bháireach chuir sé an dara mac ba shine amach leis agus rinne sé an rud céadna a rinne a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Mhullaoidh
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Darach Ó Mullaoidh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway