School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 117
  3. XML “An Cú Glic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear saidhbhir ann úair amháin agus chuaid sé ag an aonach le beithidhigh. Cupla lá ina dhiaidh sin cailleadh duine muinthireacht do. Chuaid sé go dtí an tórramh san oidhche, nuair a bhí sé ag fágáil a thíghe féin cheangal sé an chú a bhí aige do chois an bhoird. Ní raibh sé i bfad bailighte leis nuair a tháinig bean isteach sa teach agus díarr sí tae ar bhean an tighe. Bhí feoil crochta i lár an tighe agus ní raibh an bean indón sroisint chomh fada leis. Dubhairt an bean a tháinig isteach gur bí féin abaoirde agus go dtabharfadh sí anuas é. Dubhairt bean an tighe leithi ansin uisge a thabhairt isteach agus núair a chuaidh sí ag iarraidh an uisge dhúin bean atighe an dorus uirrthi. Chuaidh sí féin agus an paiste súas an staghaire annsin agus ní raibh sé ibfad go dtáinig sluágha mór ag an dorus agus mharbhuigh siad bean an tighe. Nuair a bhí bean an tighe agus an páiste marbh chuimil an cú é féin den fuil a bhí ar an urlár cuaidh sé go teach na torraimh agus nuair a tháinig sé thosuigh sé ag tarrainght an fhir ag iarraidh é thabhairt abhaile. Nuair a chonnaic an fear an fuil a bhí ar an gcú dubhairt sé go raibh (ina thuáirim) caora marbh ag an mbitheaunnach. D’imíthig an chú annsin agus niorbh fhada go dtáinig sé arís faoi deifir mhór agus lean ag strachailt an fhir ag iarraidh é thabhairt abhaile. Dhúbhairt an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    16
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway