School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 108
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean óg ann fadó agus ní raibh sa teach ach í féin agus a mháthair. Bhí triúr fear ag teacht sa teach cuile oídhche ag ceapad go bpósfach sí iad. Mach feilimeara, mach siúneara agus mach gréasaidhe a bhí ann. Lá amáin gléas an t-sean-bhean í féin i gcúlaith fear siubhail agus chúaid sí ag iarraidh deirche i dteach an gréasaidhe. Tug sé dí na píosaí beaga leathair a bhí fágtha aige i ndhiaidh na bróige. Cúaidh sí as sin go dtí teach an t-siunéara agus díarr sí déirche air. Thúg sé dí na píosaí beaga admuid a bhí fágtha aige. Chúaidh sí as sin go dtí teach a feilimeara ach ní raibh istigh roimpe acht bean an tige. Diarr sí deirche ar bhean an tighe. Thúg sí déirche mháith dí, ach súl ar imthigh sí tháinig an mac isteach. Bhí pota cabháiste agus feola inaiche na teine. Bhí pota fátaí ag fiúchadh ar an teine agus dubhairt bean an tighe leithe fanacht go n-iosfach sí cúidh acha. Nuair a bhí siad bruithte chúir sí an bhean siar ins an bparlús agus túg sí a dóthain le n-ithe agus le n-ól dí. Dimthigh sí annsin agus chúaid sí abhaile. Seachtmhain ón lá sin thúg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Réamonn Ó Mullaoidh
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Colm Ó Cathain
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway