School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 086

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 086

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 086
  3. XML “Scológ na Feasóige Liath”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na máthair breathnú síar sa seomra, bhreathnuigh, chonnaich an t-ór agus dúbhairt "cén fáth seo". "Ná bac liomsa" a-deir an mac "ach bíadh do chuid féin agatsa". Bhuail sé leis ar maidin lá ar na bháireach agus connaic an bosca céadhna chuige isteach arís.
    Tháinig an Scológ amach as an mbosca agus cuir ceist air a' n-imreóchadh sé cluiche. Dúbhairt seiseann go n-imreóchadh. Chuaid siad ag imirt agus bhuáidhach mac an Rí arís.
    Tabhair do ghéasa anois a deir an Scológ. Beirim faoi ghéasa duit chuile garraidhe atá timcheall an tighe a bheith líonta go boimbéal le beithidhigh bheaga agus beithidhigh mhóra.
    Nuáir a cuaid sé abhaile dúbhairt sé le na mháthair breathnú amach sna garrainaí, breathnuigh sí amach agus chonnaic na beithidhigh "cén fáth seo" ar sise. "Is cuma dhuit" ar seiseann "beidh do chuid féin agatsa".
    Cuaidh sé amach ar maidin lá ar na bháireach agus ba ghearr go bfaca ag teacht chuige isteach ar bharr bóchna an Scológ. Bhí cluiche aca agus fuair an Scológ an búaidh.
    "Bheirim faoi gheasa dhuit" a deir an Scológ "gan codhladh an dara oídhche ag aonleabaidh agus gan an dara béile d'ithche ag aon bhord go mbuailfheadh tú mo theach-sa sa domhan thoir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Réamonn Ó Mullaoidh
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Micheál Ó Niaidh
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Ros Muc, Co. Galway