School: Leitirmucadha (roll number 13951)

Location:
Leitir Mucú, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Ó Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmucadha
  2. XML Page 016
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dóghadh Aoil
    Níl áit ar bith thart annseo, ná thart sa gcuid is mo de Chonnamara nach ndóightear corr-thornóig aoil fós acht is beag le rádh é le h-ais a ndóightí ann fadó. Nuair a theastóchadh uaidh fear an tighe a theach a aoilnigheachán chuiridís fios ar ualach clocha aoil soir go Co. an Chláir. Bádóirí is mo a thugadh chuca é. Nuair a gheobhaidís na clocha aoil bhrisidís le casúr iad agus chaithidís síos sa bpoll seo iad ar a dtugaidís tornóig. Annsin líonaidís an chuid eile den tornóig le clocha aoil cloch mhóin agus thugaidís teine dhe.
    Thréis í a bheith lá agus oidhche ag dóghadh bheadh na clocha aoil dóighte. Thógaidís i gcliabh iad agus chaithidís i gcró nó i sgioból iad. Nuair a theastóchadh aol uatha chaithidís uisge ortha agus bhídis chomh briosg agus chomh geal le aon ghráinne aoil dhár dhíol aon t-siopadóir ariamh.
    Déanamh Choinnle
    Nach iomdha cor sa saoghal fódhlach ó bhíodh muinntir na h-áite seo ag deanamh coinnle fhéin. Nuair a mharbhuighidís mart chuiridís an gheir a bhíodh ann ag leághadh ar friochtán mór. Geobhaidís strupa cadáis annsin agus bhídís ag cur fuinneamh ann go ndeanaidís ruadhóg dhe. Annsin thairneóchaidís an ruadhóg thríd an ngeir agus ghreamóchadh an gheir de. Dheanaidís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Cartuir
    Informant
    Seóirse Cartuir
    Gender
    Male