School: Leitirmucadha (roll number 13951)

Location:
Leitir Mucú, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Ó Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmucadha
  2. XML Page 006
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Chuartuigheas a’s fuaireas a’s b’fhurusta dhom fághail rud nach bfuair Dia a’s nach féidir leis fhághail. Frg. Mo mháighistir.
    2. Céard a bhíonns lán agus a dtéigheann tuille ann. Frg. Pota Fataí.
    3. Cén mhí is lugha a ndeanann na mná cainnt. Frg. Mí Feabhra
    4. Lán báid d’adhmad agus gan maide cam ná díreach. Frg. Mín-sháimh.
    5. Tá sé thuas is tá sé thall a’s tá sé ag brian ar a chuid. Tá sé sa sáile liath a’s gan é níl blas ar uibh. Frg. Salann.
    6. Chuaidh mé ar an aonach le dhá chaora. Fuair mé ortha an t-airgead díreach dhá sé sgilleacha a’s dhá sé pingne. Cé mhéad sin (sine) ar an gcaora. Frg. Dhá shine.
    7. Cé mhéad cos fé ucht muilt. Frg. Dhá chois.
    8. Trí cosa i n-áirde dhá chois ar thalamh ceann an fhir bheo i mbéal an fhir mhairbh. Frg. Fear a’s pota ar a cheann.
    9. Mo dheaideo ar chúl an chóra a’s dhá chéad cóta mór air. Frg. Das gabáiste.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    N. Ó Confhaola
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Leitir Mucú, Co. Galway