School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Naomh Pádhraic ag iarraidh Teampaill a dhéanamh, bhiodh rud eicínt ghá leagaint san oidhche agus ní raibh fhios aca beo céard a bhí ann. Acht nuair a tháinig Oisín ó Thír na n-Óg bhí sé dall agus dubhairt sé le Pádhraic dá dtugadh sé a amharc ar ais dhó go ndéanfadh sé fairiú air. Thosaigh Pádhraic ag guidhe agus fuair Oisín a amharc agus a neart ar ais. Thug sé claidheamh do agus d'fhan sé ag fairiú ar an dTeampaill annsin agus nuair a tháinig Pádhraic agus a chuid fear ar maidhin céard d'fheicfeadh siad acht oilphéist marbh agus an craicean iompuighthe Oisín ina chodladh istigh ann agus a leath itthe aige agus dobh é an oilphéist sin a bhíodh ghá leagaint i gcomhnuidha san oidhche. Tháinig faitchíos ortha annsin dá gcuirfeadh siad fearg air go mabhochadh sé iad agus thosaigh Pádhraic ag guidhe arís agus baineadh an neart agus a amharc d'Oisín arís. Cuir siad a tarraingt cloch lé carr annsin é agus rinne sé an rann seo:-Mise Oisín indiaidh na Feinne
Ar mo dhruim ag tarraingt cloch
Per bith áit bhfuil mo ghreim
Ins an lín atá mo dheoch(continues on next page)- Collector
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Tomás Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doon, Co. Galway