Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Rosscahill, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar dtús geobhfaidh an tuigheadar tuighe easga no tuighe cruitneachtan no tuighe seagail. Annsin geibhfad sé dreimre fada a rachadh go bárr an tighe. Gheobhann sé slatacha coll agus deanann sé lúthain d'en chuid is giora acab le casadh. Cureann sé treasna ar an sgoilib iad agus buaileann sé isteach le tuairgín é. Nuair a theigheans sé go mullach an tighe lei an stráca dhanann se cior agus cureann ins an barr é. Bíonn sgionn gearr ag an tuigeadoireacht agus nuair a briseans aon sgolb go mbiorrochadh sé arist e.
Bíonn fear ag freastal ar an tuigheadóir. Craitheann se sin an díon agus tugann se suas don tuigheadóir é. Déanann an tuigheadóir boibíní agus cuireann se le cheile iad ar slat fada. Tar éis sin cuireann sí ar Chaolach an tighe iad ar gach taobh den teach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doon, Co. Galway