School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag Dhul isteach san SéipéalBeannuig dhom a Teampaill Dé is go mbeannochadh mé fein duit. Táim ag súil leat Iosa Críost guidhe orrainn fein indiu. Isleochaidh mé ar mo ghlún deas don Árdrí agus ar mo ghlún eile Don Spiorad Naom.
Ar teacht amach o'n séipéal:Umhluigmhuid síos do'n altóir naomta. A Iosa tar agus blaoidh orrainn agus coimrí m'anam ort go bfilleamaid aris ort.
Ag déanamh maistreadhaBail Dé Muire agus Brighid. Bail Dé Muire agus Pádhraic. Rath na gcúig aran agus an dá iasg a roinn Mac Dé ar cúig céad mílte fear. Bail Dé ar a bhfeiceainaid agus ar a nglacaimíd ár gcuid féin agus caid na gcomursain. Amén.
Ag Dhul a CodladhA Collain coimre in do chroidhe ná luighe i bpeacaid ná i bhfearg, mar is fhuar an brat a gheobhfar ins an gCill is béidh do craos leis an gcre dearg.
Tomás Breathnach.
M'athair Tomás Breathnach Dun Roscathail, Co. na Gaillimhe a d'innis seo dhom. Rugadh agus tóghadh é san áit seo. Ta sé 57 bliadhna d'aois.(continues on next page)