School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Cathail (Buachaillí)
- XML Page 184
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuinneóg ag mo mháthar sa mbaile. Tá sé timcheall agus trí troighe ar aoirde. Déanann mo mháthair an maistreadh ins an gcuinneoig. Déanann sí an maistreadh leis an luithne (?). Seo iad na h-uirlisí a bhaineas leis an gcuinneóg - luithne, clár na cuinneóige, agus an claibín. An cúipéar a rinne an cuinneoig. Tá sé ag mo mháthar lé deic mbliadhna. Tá sé déanta as adhmad agus tá feithrí iarrann thart ar chun é do choingbáil láidir. Sé an chéad rud a dhéanfas mo mháthair doirteann sí an bainne reamhar isteach sa gcuinneóig. Annsin cuireann sí an luithne síos ins an mbainne. Taréis sin cuireann sí an clár ar an gcuinneóig agus bíonn cos na luithne ag dul tríd an poll ata i lár an chláir. Déanan sí comhartha na croise ar an cuinneóig leis an luithne. Annsin cuireann sí an claibín síos ins an luithne síos go(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway