School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Cathail (Buachaillí)
- XML Page 174
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-sgéal.Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh aice ach aon mac amhain. D'fhan sé ins an gcliabhán an feadh fiche bliadain agus níor fhás sé chor ar bith. Aon lá amháin chuaidh an mháthair amach agus nuair a tháinig sí isteach, bhí sé in-a shuidhe agus é in-a fhear mór míllteach. "Tá mé cáillte leis an ocras a mhaime" a deir sé. "Teirigh amach agus tabhair isteach caora dom go n-íosfaidh mé í" Nuair a bhí an caora ithte aige chuir sé a mhathair suas ar a dhruim agus thug sé suas go dtí an ceardcha i. Dubhairt sé leis an gabha maide laimhe a dhéanamh dhó. Rinne an gabha sin dhó. Nuair a bhí sin déanta aige rug sé air agus rinne dhá leith dhe. Mar a ndéanfaidh tú maide maith láidir dhomsa adeir sé leis an gabhainn brisfidh mé an cead ceann eile ar do chloigeann. Nuair a bhí an dárna ceann déanta ag an gabha rug an(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway