School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 326
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an droch saoghal ann tuairim is céad bliadhan o shoin. Ní raibh tada le n-ithe ag na daoine agus bhídís ag ithe féir (?) agus móin (?). Bhídís ag ithe ainmhidhthe ar nós an asal agus chuile rud a dféadaidís a fhághail. An t-am sin bhídís lag leis an ocras agus bhídís ag tuitim as a seasamh ar taobh an bhóthair agus tá áiteaca taobh thíos de Uachtarárd fós in a bhfuil cloch (?) ag teasbáint an áit a thuit go leór de na daoine. Áiteacha an uaigneach a b'eadh iad sin san oidhche. San droch saoghal freisin d'iompaigh neart de na daoine a bhíodh ag fághail bháis leis an ocras in a Protastúnta. Ní raibh siad ag dul ag an Aifreann cor ar bith acht bhíodar ag cleactadh an creideamh Prostatúnta. Nuair a fuair siad biadh agus a ndóthain le n-ithe thosuigh siad ag cleachtadh a creideamh arís. Tháinig fear óg isteac in nDoire i gCros Bhóthair Máma an t-am sin. Cuaidh sé isteach i dteach ann ag iarraidh bidh. Fuair sé é agus dimthigh sé leis. Fritheadh in a dhiaidh sin é agus é caillte leis an ocras.(continues on next page)
- Informant
- Máirtín Ó Cheallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Maam Cross, Co. Galway