School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 297
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is ceart go dhaoine pósadh a déanamh ar De Máirt agus De Céadaoin. Caitheann daoine eadach gorm, bán, agus donn. Is sean-fhocal é seo. "De Luain agus De Máirt soir." Nuair a phósann daoine i ngorm beidh an t-adh orra, nuair a phósann daoine i mbán beidh siad go deas le chéile agus ní bheidh siad ag troid. Nuair a phósann siad i nglas mairfidh siad i nhfad ó bhaile. Is pisreóg a bhíonn acu nuair a bhíonn síad ag teacht amach as teach an phopail tar-éis a bheith pósta, an duine a thiocfaidh amach i dtosach geibhfidh sé sin bás i dtosach. Is sean-fhocal é seo "pós i ngorm i rud eicint nua agus i rud eicint ar iasacht agus i rud eicint bán." Nuair a bhídís ag pósadh fadó bídís ag cuir seál le daoine eile orra. An lá a phósanna siad ní dhéanann siad aon obair ar bith. Ní théigheann siad abhaile go ceann míosa. Déantar cleamhnas thart timcheall na h-áite seo fós.Tagann an buachaill go dtí teach an chailín agus fiafhruigheann sé í. Mar nach bhfuil sé sásta leis an spré ní thógfaidh sé í acht má tá, leagann siad amach lá le h-aghaidh na bainfheise: Tugtar beithidhigh agus airgid mar spré. Cuid acu geibheann siad céad púnt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Bhreathnaigh
    Gender
    Female
    Address
    Maam Cross, Co. Galway