School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 293
  3. XML “Toirneach agus Tintreach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim is trí bliadhna ó shoin bhí an toirneach agus teinntreach ann thosuigh sé ag a deich a chlog agus níor stop sé go dtí an dó dhéag nó in a dhiaidh. Bhí an teinntreach ann agus marach an méad baistighe a bhí ann bheadh go leor rudaí lasta aici. Bhí an bháisteach chomh trom sin is gur thug sí fataí agus coirce agus féar leithi. Bhí fear i léam ar b'ainm do Micheál Ó hAllamhráin agus bhí sé ina comhnuidhe in aice le abhainn. Bhí fataí aige ar bhruach na h-aibhne.
    Bhí an báisteach chomh trom sin go ndeacaidh sé thar an bhruach agus thug sí go leor fataí leithi.
    An oidhche sin freisin cuaidh an báisteach isteach i dteach i nGleann Trasna agus sé an t-ainm a bhí air na daoine seo Neachtanaigh. Líonadh an teach suas le uisge agus bhí an driosúr, an bord agus na cathaoireaca ag imtheacht ar bhárr an uisge. Níor chuala na daoine tada mar bhíodar imthighthe a codladh sa deireadh d'eirigh siad. D'imthigh siad go teach eile go dtí an maidin, mar níor fhéad siad fanacht in a dteach fhéin. Nuair a tháinig siad arais ar maidin níor aithne siad tada ar an teach acht go raibh sé bun os cionn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    2. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Niadh
    Gender
    Male
    Address
    Maam Cross, Co. Galway