School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 287
  3. XML “Tithe a Dódh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí bean as Gleann in-aice le Uachtar-árd agus cuaidh sí go dtí an Baile mór ag díol bainne géar ar asal. Nuair a tháinig sí abhaile bhí sé deireannach. Cuaidh sí amach ag bleághan na beithidhigh agus thug sí lampa beag práis in aonfheacht leithi. Chroch sí ar an mballa é agus nuaira bhí sí réidh chuaidh sí isteach. Nuair a bhí sí reidh leis na beithidhigh rinne sí dearmad an lampa a mhúchadh. Nuair a d'eirigh sí ar maidin ní raibh blas d'en stábla fágtha agus dóghadh ar fad gach rud a bhí ann. Dóghadh na beithidhigh agus ní raibh tada aice cun bainne a thabhairt di. Dubhradh go raibh sí ar meisge an oidhche roimhe sin agus gurb é sin an fáth a d'fág sí an lampa lasta. Bhí an truagh ag chuile duine dí agus chuaidh síad thart timcheall an bhaile ag bailiughadh airgid le beithidhigh a cheannacht di.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. fires (~306)
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Cheallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Maam Cross, Co. Galway