School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 264
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó as Árann agus tháinig sé go dtí Camus íochtair ag iarraidh mná. Nuair a thagadh sé go Camus geobhadh sé a dhinnéar. Inghean táilliúra a bhí san mnaoi a bhí sé ag iarraidh. Ní bheadh acht aon greim amháin ithte aige nuair a dhéarfadh an táilliúr "tá mise sáthach is tá mo bhean sáthach is duine gan náire nach bhfuil sáthac." D'eirigheadh an fearr strainnséara agus ocras air. D'fan an fear an oidhche seo sa teach. Amach san oidhche bhuail ocras é. D'iarr sé ar an mhnaoi a imtheacht síos agus rúinne de'n bhagún a bhí sa bpota le h-aghaidh an dinnéir roimhe sin a thabhairt aige agus d'íosfadh sé é. Chuaidh an cailín síos agus chroch sí síos an pota ar an tine. D'airigh an t-athair í agus síos leis in a diaidh. Ar misde leat mé a iarraidh dhíot céard atá sa bpota ar seisean. "Muise," adeir sí "sean éadac atá ag bruith agam." " Chuala mé ariamh nach bhfuil mórán bruith go maith le éadaigh" arsa an tailliúr, "tógfaidh mé suas duit iad." "Fág taobh amuigh de'n doras " arsa an chailín. Chuaidh sé amach annsin agus dhóirt sé an pota bagúin síos ar an t-sráid agus chuaidh sé a chodladh arís. D'innis an cailín do'n fear é. Ara arsa an fear teirigh síos ar an teallach agus chuir cáca beag síos faoí an luaith agus ní fheice sé thú. Chuaidh an inghean síos agus chuir sí an cáca faoí an luaith. D'eirigh an táilliúr arís agus d'eirigh fear na mná freisin. D'fiafhruig an tailliúr dhó ce'n an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Bhrian
    Gender
    Female
    Address
    Na Doiriú Thuaidh, Co. Galway