School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 252
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thosuigh se ag sileadh agus rith an sruthán poitín sios le fanaidh agus faoi an bhfear sínte. As sin chuaidh an sruthainín go dtí an teinead gur las sé. Doghadh an fear bocht go mór, gur doghadh an bríste, na stocaí, an bainín agus an leine a bhí air. Ní fhead sé corruighe bhí sé comh dallta sin ar meisge go raibh gach rud a bhí air doighthe acht amháin na bróa agus crios leathair a bhí air.
    Tharla go raibh tubán mór adhmaid lán de beóir inaice leis an stil agus thainic bó bainne i ngar dó agus d'ól sí é. Bhí sí fein ar meisge agus thosuigh sí ag sugradh leis an bhfear le na h-adhaircaibh. Tharla go ndeaca na h-adharca isteach sa gcrios leathair a bhí ar an bfear bocht agus d'arduigh sí suas é agus thosuig sí ag rith siar 's 'níar ag búthrúach go ndeacha sí amach ar an bóthar. Siar léi tríd an bhaile agus madraí na h-aite 'na diaidh. Ní raibh a fhios ag an bhfear bocht cá raibh sé. Faoi dheire thainic fir an bhaile timcheall uirrí agus thogadar an fear bochtt anuas agus thugadar abhaile é.
    Nuair a dhuisigh sé sa tráthnona am ecínte bhí sé dona go leor agus thosuigh sé ag blaidhríuch ag iarraidh tuille poitín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish