School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 251
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear san ait seo tamall o shoin, agus bhí an tóir, nu dúil mhór aige i n-ól. Lá amháin chuidh sé ag teach stille (ait a raibh daoine ag deunamh poitín). Ní raibh an beóir tarrnuighe aca acht fíor bheagan. Biodh a fhios agaibh go bhfuil beóir fein ságach laidir le n-ól - an chuid a bhíos ar bhárr na dabhaca go mór mhór. Tugadh cárta dhe dó agus annsin d'iarr feara an phoitin ar an cuairteóir fanacht ag tarraint na beóire 'na "single" go rachfadh siad féin abhaile chun dinnéir. Bhagair (?) siad air gan morán a ól, neart fuar uisge a chonneál san dabhaich, agus gan cead a thabhairt do dhuine ar bith a thiocfadh an bealach bacadh leis an stil nú leis an mbeóir: gheall siad go mbeadh neart le n-ól aige nuair a bheadh an poitín tarrnuighthe. Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin agus d'imthigh an bheirt eile abhaile.
    Dubhairt mé go raibh duil mór ag an bhfear seo i n-ól. 'Dól sé trí chárta den beóir agus chuid mhaith den singil go raibh sé ar meisge. Thuit sé 'na chodladh annsin inaice na teineadh. Stára ar meisge mar bhí duil an nimhe neanntt (?) aige i bpoitín.
    Nuair a bhí an pota beag lán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish