School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 246
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)LÁ NODLAGChuile dhuine in a suidhe go moch ar maidin agus imthighthe ag an gceud Aifreann. Dá dtiocfadh strainséar ag an teach ba mhaith le fear an tighe go mbead gloine poitín nu dhó le thabhairt dó. An doras bheith foscailte i rith an lae - go mór mhór i n-ám dinnéir. Teigheann daoine ar chuart ag a ngaolta Lá Nodlag.
LÁ FEILE STIOPHAINTheigheadh go leor daoine ag an Aifreann an lá seo fada, le mo chuimhne féin. Ní theigeann go leor ann anois. Ní deantar aon obair lá Feile Stiophain. Daoine nach ndeacha ag fiadhach aon lá eile sa mbladhain teigheann siad ag fiadhach an lá seo le madraib - cúití agus brocairí is mo a bhios aca. Teigheann cuid aca amach ag lamhac acht ní go leor é. Teigheann buacaillí óga thart leis an Dreoilín, cuid aca ag seinnm ceóil agus ag gabhail fhuinn agus ag damhsa ag cruinniú airgid agus iad gleásta neam coichianta agus aighte bréagach ortha. Bíonn an cuid is mo don áit saor an lá do le fiadhach ann le madaraí. Bhiodh na tighthe osta lán le sean daonaibh fada an lá seo ag ól agus ag imirt caírde. Lá mór é le cuairt , le ól, le fiadhach agus le damhsa agus ceol agus amhrainíocht go mór mhór san oidhche. Tá sceul ag na sean daonaibh annseo go raibh(continues on next page)