School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 208
- XML “Cill Chuimín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an sean reilg seo sa reilg. Cill Beag iseadh é. Nil aon ceann air. Dartear gur annso a mhair Naomh Cuimín. Deirtear freisin gur b'ann a mharbhaigh Reamonn an Urlaigh ollpeist Locha Coirib.Tá Cill a Rúin trí mhíle go leith ar an taobh o dheas de Uachtarárd ar bhothar na Gaillimhe. Tá Beann na cille ar thaoibh an bhothair mhóir ó Gaillimh go hUachtarárd. An Bheann Aidhreach (?) a tugtar ar i mBeurla.In aice leis acht ar an taobh eile den bhothar tá da bhullán - ait a mbiodh paisdí baistighthe fadó. Ar an taobh ceadna den bhothair agus cupla ceud slat ó na bullánaibh táCloch an Aifrinnle feiceál. Tá sé cosamhail le altóir agus deirtear go mbiodh an tAifreann da leígheadh ann i n-aimsir na nDlighthe Peannadacha.Tá an abhainn Druimnín i naice leis an chloc seo agus deirtear gur annsan a marbhuigheadh Sean na Sagart. Deirtear gur fear do muinntear Laighidh do mharbhuigh é le claideamh.(continues on next page)