School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 192

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 192

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 192
  3. XML “An Cloigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí an mac (mac an tseanfir nu mac an cinn na an chloiginn abhí ar an altoir) ag siubhal roimhe go dtainic sé comh fada le bóthar mor mín. Lean sé é agus tar eis tamaill thainic sé com fada le leuna mór fairsing. Chonnaic sé go raibh an fear gann ann acht bhí sé lán le caoraibh a bhí teann reamhar compoirdiúl. Rinne sé iongantas de sin.
    D'imthigh sé leis go dtainic sé chomh fada le paírc mhóir go raibh neart feir a fás ann. Bhí sé lán le beithí a bhí tanuidhe caithte craidhte. Bhí na cnámha ag teacht amach trid a gcraiceann agus bhiodar ag troid agus ag bruighin le ceile. Rinne an mac iongantas de sin agus d'imthigh sé leis.
    Níor bhfada go dtainic sé go dtí paírc eile. Bhí claidhe ann agus chonnaic sé beirt fear ann agus sluasaide aca agus bhí siad ag cartadh agus ag caitheadh an cré ar a cheile. Rinne an mac iongantas de sin freisin. D'imthigh sé leis agus ar tuituim na h-oidhche thainic sé chomh fada le teach bheag ar thaoibh an bhothair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0470: Friends in Life and Death
    Language
    Irish