School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 182
  3. XML “Poitín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Comhortha eile go bhfuil sé laidir má coinnigheann sé na coiricíní nu na boiligíní le tamall maith théis craitheadh a thabhairt dó.
    Deantar poitín mar seo:-
    Faigtear dabhac mór nu baraille, nu dhá bharaille reir an méid arbhair a bhíos aca. Annsin cuirtear an tarbhar i malaí agus togtar ag an loch é. Deantar é cur a bogadh san loch go ceann seachtmhaine. Togtar é ansin agus cuirtear ar an gcill é chun é do thiormú. Caithfidh na daoine a bheith an-aireach sann gcaoi nach mbeadh an tarbhar doighte. Ní beadh moran poitín ar an arbhar agus rud eile ní bheadh sé go maith dá mbeadh sé doighthe. Ar a bheith tirm do caithfear é thabhairt ag an muillean chun é do mheilt. Abhaile leis ansin agus cuirtear i mbarraillí é. Cuirtear uisge te, (a bhí fiuchta) air agus braith. Cuirtear cludach maith ar an mbairiile agus fagtar ansin é le oibriú. Déanann sé oibriú i gcionn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish