School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 168
  3. XML “Gaibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gabha in a chomhnaidhe i n-aice le Cnoc an Daingin, in n-aice na Gaillimhe fadó. Tomás Mór O Dorchaigh a b'ainm do. Fear cumasach mór laidir a bhí ann. Oidhche amhain go raibh sé ag obair leis féin sa gceardchainn bhí sé an-dheireannach san oidhche air agus é dhul abhaile 'na aonraic. Bhí slat mór fada iarainn in a láimh aige agus é siubal an bóthar agus thug sé sin misneach dó mar chualaidh sé aríamh nar bhaogal do dhuine go mbeadh iarann 'na laimh aige san oidhche. Siubhal sé leis go mear agus sgearr go dtainic sé suas le socraid. Bhí sluagh mor daoine ann agus gan focal asta. Shiubhal Tomás ar aghaidh go dtainic sé suas chomh fada leis an dream a bhí ag iomchur an connra. Thug sé fa deara go raibh an sluag nu an socruid ag eirge beag agus rud eile nach raibh acht triur fear ag iomchur an chuirp. Shiubhal sé go ndeacha sé isteach faoi an gconnra, agus téis tamaillin d'imthigh fear amhain ón gconnra agus fear eile agus an triú fear agus annsin thuit an connra ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Informant
    Doraigh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Maghera More, Co. Galway